Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 91:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An té a chónaíonn i ndaingean an Té is Airde,a mhaireann faoi scáth an Uilechumhachtaigh,

2. deir sé leis an Tiarna: “Mo dhídean is mo dhaingean tú;mo Dhia ina bhfuil mo dhóchas.”

3. Saorfaidh seisean thú ar ghaiste an fhoghlaera,ós é atá [ar tí do mhillte].

4. Déanfaidh sé díon duit lena eiteoga,agus rithfidh tú chuige faoina sciatháin.

5. Ní eagal duit uamhan na hoíche,ná an tsaighead a scaoiltear sa lá,

6. ná an phlá a thriallann sa dorchacht,ná an sciúirse a mhilleann um nóin

7. Ar a shon go dtitfeadh míle le d'ais,agus deich míle ar do dheis,ní thiocfaidh sé i do ghaobhar ná i do ghaire,óir is sciath duit agus is lúireach a dhílse.

8. Óir ní gá duit ach féachaint i do thimpeall,chun go bhfeice tú cúiteamh na bpeacach.

9. Óir is tú a dúirt: “A Thiarna, mo dhídean tú!”agus a rinne caiseal den Neach is Airde.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 91