Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 9:8-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Tá an Tiarna faoi réim go brách;shocraigh sé a chathaoir a thabhairt breithiúnas.

9. Tugann sé breith ar an gcruinne go cóir,agus ceart do na ciníocha go cothrom.

10. Tá an Tiarna ina dhaingean dá mbíonn faoi chois,ina dhaingean in am na hiaróige;

11. Cuireann do lucht aitheantais a ndóchas ionatóir ní thréigeann tú do lucht iarrtha, a Thiarna.

12. Canaigí don Tiarna a bhfuil cónaí air i Síón:foilsígí a éachtaí do na náisiúin;

13. Óir chuimhnigh an díoltasaí fola orthu,ní dhearna dearmad ar éamh na mbocht.

14. Déan trócaire orm, a Thiarna; féach a bhfulaingím;d'ardaigh tú ó dhoirse an bháis mé,

15. d'fhonn go bhfoilsí mé do mholtaí go léirag doirse iníne Síónagus go ndéana mé lúcháir i do shlánú.

16. Tá na ciníocha slogtha síos sa chlais a rinneadar féin:sa líon a d'fholaigh siad féin a gabhadh a gcosa.

17. Nocht an Tiarna é féin ina bhreitheamh cóir:tá beirthe ar na héagráifigh ina mbearta féin.

18. Rachaidh na peacaigh ar ais go Seól -na náisiúin uile a rinne dearmad de Dhia.

19. Óir ní dhéanfar dearmad de lucht an ghátair i gcónaí;ní go deo a rachaidh dóchas na mbocht in éag.

20. Éirigh, a Thiarna! ná lig an bua leis an duine:tugtar breith ar na ciníocha i d'fhianaise.

21. Scanraigh an croí iontu, a Thiarna;bíodh a fhios acu nach bhfuil iontu ach daoine. Selah

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 9