Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 9:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Muth Labben”. Salm le Dáiví.

2. Béarfaidh mé buíochas duit, a Thiarna, ó mo chroí, go hiomlán,inseoidh mé do mhóréachtaí go léir.

3. Déanfaidh mé lúcháir agus gairdeas ionat,canfaidh mé Salm do d'ainm, a Neach is Airde,

4. toisc gur cuireadh mo naimhde ar gcúl;thuisligh siad agus cailleadh iad i d'fhianaise.

5. Óir phléigh tú mo chúis go cothrom,i do shuí duit ar an mbinse i do bhreitheamh cóir.

6. Lochtaigh tú na ciníocha, dhamnaigh tú na héagráifigh;scrios tú a n‑ainm go brách na breithe.

7. Tá na naimhde arna gcloí, arna milleadh go deo;leag tú a gcathracha ar lár; chuaigh a gcuimhne ar ceal.

8. Tá an Tiarna faoi réim go brách;shocraigh sé a chathaoir a thabhairt breithiúnas.

9. Tugann sé breith ar an gcruinne go cóir,agus ceart do na ciníocha go cothrom.

10. Tá an Tiarna ina dhaingean dá mbíonn faoi chois,ina dhaingean in am na hiaróige;

11. Cuireann do lucht aitheantais a ndóchas ionatóir ní thréigeann tú do lucht iarrtha, a Thiarna.

12. Canaigí don Tiarna a bhfuil cónaí air i Síón:foilsígí a éachtaí do na náisiúin;

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 9