1. Do stiúrthóir an chóir. Salm le clann Chorach.
2. Bhí tú fabhrach le do thalamh, a Thiarna;d'athraigh tú chun feabhais cinniúint Iacóib.
3. Mhaith tú a gcoir do do phobalagus d'fholaigh tú a bpeacaí go léir.
4. Chuir tú cosc le d'fhearg ar fad;chuir tú suas de do chonfadh buile.
5. Cuir ar ais sinn, a Dhia ár Slanaitheoir;agus ná bí i bhfaltanas linn feasta.