6. Déanann siad cogar le chéile d'aon intinn;déanann siad cor agus conradh i do choinne.
7. Pubaill chlanna Eadóm agus Ísmeáéil;pubaill chlanna Mhóáb agus Hágár,
8. Geabal agus Amón agus Amáiléic;na Filistínigh agus lucht áitrithe na Tuíre,
9. Chuaigh an Asaír mar an gcéanna i gcomhar leo;a thabhairt cúnaimh agus nirt do chlann Lót. Selah
10. Déan leo siúd mar a rinne tú le Midián;le Síseará agus Iábaín cois Chiseon;
11. an mhuintir a díthíodh ag Éan Dór,a ndearnadh aoileach dá gcoirp ar an talamh.
12. Tabhair oidhe Oraeb agus Zéab ar a bhflatha,oidhe Zéaba agus Zalmuná ar a dtaoisigh -
13. an drong a dúirt: “Gabhaimis seilbhar pháirceanna Dé mar oidhreacht againn féin.”
14. Cuir scaipeadh orthu, a Dhia, mar lóchán;nó mar cháith ag imeacht le gaoith.
15. Mar a loisceann an tine an choill,mar a loisceann an lasair na sléibhte,
16. cuir an ruaig orthu siúd le do dhoineann;cuir sceimhle agus scanradh orthu le do stoirm.
17. Folaigh a n‑éadan le náire;nó go n‑iarrfaidh siad d'ainm, a Thiarna.
18. Bíodh náire agus scéin go brách orthu;go n‑éaga siad faoi tháir agus tharcaisne!