2. Ná bí i do thost, a Dhia;ná bí balbh, a Dhia; ná bí ciúin.
3. Óir féach! tá do naimhde ag tógáil clampair;agus tá do lucht fuatha ag tógáil a gcinn.
4. Chinn siad ar chomhairle in aghaidh do phobail;chuaigh siad i gcogar in aghaidh aos do ghrá.
5. Dúirt siad: “Déanaimis a scriosadh mar phobal;go ndéanfar dearmad ar ainm Iosrael feasta.”
6. Déanann siad cogar le chéile d'aon intinn;déanann siad cor agus conradh i do choinne.
7. Pubaill chlanna Eadóm agus Ísmeáéil;pubaill chlanna Mhóáb agus Hágár,
8. Geabal agus Amón agus Amáiléic;na Filistínigh agus lucht áitrithe na Tuíre,
9. Chuaigh an Asaír mar an gcéanna i gcomhar leo;a thabhairt cúnaimh agus nirt do chlann Lót. Selah
10. Déan leo siúd mar a rinne tú le Midián;le Síseará agus Iábaín cois Chiseon;
11. an mhuintir a díthíodh ag Éan Dór,a ndearnadh aoileach dá gcoirp ar an talamh.
12. Tabhair oidhe Oraeb agus Zéab ar a bhflatha,oidhe Zéaba agus Zalmuná ar a dtaoisigh -
13. an drong a dúirt: “Gabhaimis seilbhar pháirceanna Dé mar oidhreacht againn féin.”