Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 8:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Ar an “gittith”. Salm Dháiví.

2. A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach éd'ainm ar fud na cruinne!Moltar do mhaorgacht os cionn na spéartha

3. as béal naíonán agus leanaí cíche.Bhunaigh tú daingean in aghaidh d'eascairded'fhonn naimhde agus ceannaircigh a chloí.

4. Nuair a fheicim na spéartha, saothar do mhéar -an ré agus na réaltaí a rinne tú -

5. cad is duine ann go dtógfá ceann de?ná mac an duine go ndéanfá cúram de?

6. Rinne tú beagán níos lú ná dia égur chuir tú barr glóire agus gradaim air.

7. Thug tú ceannas ar oibreacha do lámh dóagus chuir tú gach aon ní faoina chosa,

8. idir chaoirigh agus eallaí agus eileagus ainmhithe uile an mhachaire,

9. éanlaith an aeir agus iasc na maraagus a ngluaiseann ar raonta na farraige.

10. A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach éd'ainm ar fud na cruinne!

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 8