8. Ná leag orainne coireanna ár sean agus ár sinsear;go dtaga do thrua inár ndáil gan mhoillmar tá srathair na hainnise ag brú orainn go dóite.
9. A Dhia ar slánaithe, brostaigh chun ár gcúnaimh;cuidigh linn ar mhaithe le glóir d'ainm féin.Fuascail sinn agus maith dúinn ár bpeacaí as ucht d'ainm.
10. Cad fáth a ndeir na ciníocha: “Cá bhfuil a nDia?”Gura follas do na ciníocha os comhair ár súlgo mbainfidh tú díoltas díobh in éiric fuil do sheirbhíseach a dhoirteadh.
11. Go dtaga i do láthair osnaí bróin na bpríosúnach;agus go saora tú le do chumhacht an dream a daoradh chun báis.
12. Cúitigh, a Thiarna, faoi sheacht lenár gcomharsana;an aithis urghránna a chas siad leatsa.
13. Ach sinne, do phobal agus caoirigh do pháirce,tabharfaimid buíochas duit go brách na breithe;agus foilseoímid do mholadh ó ghlúin go chéile.