Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 79:4-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Táimid mar ábhar aithise go dearfa ag ár gcomharsana;is ceap magaidh agus scige sinn dá mbíonn inár dtimpeall.

5. Cá fhad, a Thiarna? An mbeidh tú i bhfeirg linn go deo?Cá fhad a bheidh d'fhormad ar lasadh mar thine?

6. Lig amach do racht ar na ciníocha;ar na ríochtaí nach bhfuil admháil acu ar d'ainm.

7. Óir is amhlaidh a d'alp siad Iacób;agus rinne siad a áras cónaithe a scriosadh.

8. Ná leag orainne coireanna ár sean agus ár sinsear;go dtaga do thrua inár ndáil gan mhoillmar tá srathair na hainnise ag brú orainn go dóite.

9. A Dhia ar slánaithe, brostaigh chun ár gcúnaimh;cuidigh linn ar mhaithe le glóir d'ainm féin.Fuascail sinn agus maith dúinn ár bpeacaí as ucht d'ainm.

10. Cad fáth a ndeir na ciníocha: “Cá bhfuil a nDia?”Gura follas do na ciníocha os comhair ár súlgo mbainfidh tú díoltas díobh in éiric fuil do sheirbhíseach a dhoirteadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 79