Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 79:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Salm Ásáf. 1 A Dhia, tháinig na ciníocha isteach i do thíragus rinne siad truailliú ar do theampall naofa;scrios siad Iarúsailéim go ndearna carnán cloch di.

2. Thugadar mar an gcéanna corpáin do sheirbhíseachchun bheith ina mbia ag éanlaith an aeiragus feoil do chuid naomh d'ainmhithe allta na tíre.

3. Dhoirt siad a gcuid fola amhail uisce mórthimpeall Iarúsailéim;agus ní raibh duine le fáil a chuirfeadh san uaigh iad.

4. Táimid mar ábhar aithise go dearfa ag ár gcomharsana;is ceap magaidh agus scige sinn dá mbíonn inár dtimpeall.

5. Cá fhad, a Thiarna? An mbeidh tú i bhfeirg linn go deo?Cá fhad a bheidh d'fhormad ar lasadh mar thine?

6. Lig amach do racht ar na ciníocha;ar na ríochtaí nach bhfuil admháil acu ar d'ainm.

7. Óir is amhlaidh a d'alp siad Iacób;agus rinne siad a áras cónaithe a scriosadh.

8. Ná leag orainne coireanna ár sean agus ár sinsear;go dtaga do thrua inár ndáil gan mhoillmar tá srathair na hainnise ag brú orainn go dóite.

9. A Dhia ar slánaithe, brostaigh chun ár gcúnaimh;cuidigh linn ar mhaithe le glóir d'ainm féin.Fuascail sinn agus maith dúinn ár bpeacaí as ucht d'ainm.

10. Cad fáth a ndeir na ciníocha: “Cá bhfuil a nDia?”Gura follas do na ciníocha os comhair ár súlgo mbainfidh tú díoltas díobh in éiric fuil do sheirbhíseach a dhoirteadh.

11. Go dtaga i do láthair osnaí bróin na bpríosúnach;agus go saora tú le do chumhacht an dream a daoradh chun báis.

12. Cúitigh, a Thiarna, faoi sheacht lenár gcomharsana;an aithis urghránna a chas siad leatsa.

13. Ach sinne, do phobal agus caoirigh do pháirce,tabharfaimid buíochas duit go brách na breithe;agus foilseoímid do mholadh ó ghlúin go chéile.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 79