Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 78:7-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. ionas go gcuirfidís a ndóchas i nDia,gan oibreacha Dé a dhearmadach a aitheanta a choimeád de shíor,

8. sula mbeidís mar a n‑aithreacha rompuina nglúin easumhal ceanndána;glúin gan seasmhacht ina gcroínach raibh dílis do Dhia ina meanma.

9. Bhí clann Eafráim gléasta leis an mboghaach thugadar dá mboinn é lá an chatha.

10. Níor choinnigh siad a gconradh le Dianíorbh áil leo siúl de réir a dhlí.

11. Rinne siad dearmad ar a ndearna séagus ar na hiontais a nocht sé dóibh.

12. Rinne sé míorúiltí i bhfianaise a sinseari dtír na hÉigipte, ar mhachaire Zoan.

13. Roinn sé an mhuir is sheol sé trasna iad;chuir sé na huiscí ina seasamh ina mballa.

14. Threoraigh sé le néal iad de láagus le tine i gcaitheamh na hoíche.

15. Scoilt sé na carraigeacha san fhásach,mhúch sé a dtart le flúirse uisce

16. nuair a mheall sé sruthanna as an gcarraigis gur bhrúcht an t‑uisce ina thuilte.

17. Ach lean siad leo ag peacú ina éadan;thug siad dúshlán an Té is Airde san fhásach;

18. chuireadar cathú ar Dhia ina gcroí;d'iarr siad bia air d'fhonn a mianta a shásamh.

19. Labhraíodar in aghaidh Dé, á rá:“An dtig le Dia bord a ghléasadh san fhásach?

20. Is fíor nuair a bhuail sé an charraiggur bhrúcht an t‑uisce ina thuilte;ach an féidir dó arán a thabhairt dúinnnó feoil a sholáthar dá phobal?”

21. Arna chlos sin don Tiarna ghabh fearg éagus fadaíodh tine in aghaidh Iacóib.Líon sé le fearg in aghaidh Iosrael

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 78