56. Dá ainneoin sin uile thriailagus shaighdigh siad an Dia is Airde,agus dhiúltaigh dá aitheanta.
57. Thug siad droim láimhe leis mar a rinne a n‑aithreacha;ba chosúil iad le bogha ar fiar.
58. Chuir siad fearg air lena scrínte sléibhe;chuir siad éad air lena ndealbha snoite.
59. Chuala Dia agus d'éirigh chun feirge,gur dhiúltaigh go hiomlán d'Iosrael.
60. Thréig sé a phailliún i Sileomar a raibh cónaí air i measc na ndaoine.
61. Thug sé a neart i ndaorbhroidagus a dtaibhse i láimh a naimhde.
62. Thug sé a phobal féin don chlaíomhle teann feirge in aghaidh a oidhreachta.
63. Dódh a n‑ógánaigh ina mbeatha;níor chuala a maighdeana laoi na bainise;
64. Thit a gcuid sagart leis an gclaíomh;agus ní dhearna a mbaintreacha a gcaoineadh.
65. Is ansin a dhúisigh an Tiarnamar dhuine a dhúisíonn as a chodladh,mar ghaiscíoch a bheadh ar meisce de dheasca fíona.
66. Bhuail sé a naimhde i ndiaidh a gcúilagus d'fhág sé faoi náire go deo iad.
67. Dhiúltaigh sé do bhoth Iósaefagus ní dhearna sé rogha de threibh Eafráim.
68. Ach rinne sé rogha de threibh Iúdá;Sliabh Shíón dár thug sé grá.
69. Thóg sé a scrín i gcosúlacht neimhe;mar an talamh a bhunaigh sé go brách.
70. Agus thogh sé Dáiví a ghiolla;á thabhairt ó chróite na gcaorach.
71. Thug sé ó chúram na gcaorach éa dhéanamh aoireacht a phobail, Iacób,agus Iosrael, a oidhreacht féin.