Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 78:49-64 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

49. Lig sé amach orthu racht a fheirge,a chuthach agus a fhraoch agus a chonfa;slua de thimirí na tubaiste,

50. go ndearna sé slí dá dhíbheirg.Níor scaoil sé saor ón mbás iadach rinne sé a mbualadh leis an bplá.

51. Bhuail sé gach céadghin san Éigipt;céadthoradh a nirt i gcampa Hám.

52. Sheol sé a phobal mar chaoirigh,rinne a dtreorú mar thréad san fhásach.

53. Sheol sé slan iad gan eaglagur bádh a naimhde san fharraige.

54. Sheol sé isteach ina thír naofa iadchun an tsléibhe a bhuaigh a dheaslámh féin.

55. Chaith sé na ciníocha rompu amach,agus roinn sé an tír mar oidhreacht orthu;thug sé ar threibheanna Iosraelbaint fúthu ina mbothanna siúd.

56. Dá ainneoin sin uile thriailagus shaighdigh siad an Dia is Airde,agus dhiúltaigh dá aitheanta.

57. Thug siad droim láimhe leis mar a rinne a n‑aithreacha;ba chosúil iad le bogha ar fiar.

58. Chuir siad fearg air lena scrínte sléibhe;chuir siad éad air lena ndealbha snoite.

59. Chuala Dia agus d'éirigh chun feirge,gur dhiúltaigh go hiomlán d'Iosrael.

60. Thréig sé a phailliún i Sileomar a raibh cónaí air i measc na ndaoine.

61. Thug sé a neart i ndaorbhroidagus a dtaibhse i láimh a naimhde.

62. Thug sé a phobal féin don chlaíomhle teann feirge in aghaidh a oidhreachta.

63. Dódh a n‑ógánaigh ina mbeatha;níor chuala a maighdeana laoi na bainise;

64. Thit a gcuid sagart leis an gclaíomh;agus ní dhearna a mbaintreacha a gcaoineadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 78