4. nach cóir iad a cheilt ar a sliochtach a insint don ghlúin atá le teacht -Móréachtaí an Tiarna agus a chumhachtagus na míorúiltí móra a rinne sé
5. nuair a d'eisigh sé reachtanna do Iacób,nuair a bhunaigh sé dlí in Iosrael.D'ordaigh sé mar aithne dár n‑aithreachaan dlí seo a mhúineadh dá gclann
6. ionas go mb'eol don chéad ghlúin eile é,agus don dream nár saolaíodh fós,agus go n‑inseoidís siúd dá gclann féin é
7. ionas go gcuirfidís a ndóchas i nDia,gan oibreacha Dé a dhearmadach a aitheanta a choimeád de shíor,
8. sula mbeidís mar a n‑aithreacha rompuina nglúin easumhal ceanndána;glúin gan seasmhacht ina gcroínach raibh dílis do Dhia ina meanma.
9. Bhí clann Eafráim gléasta leis an mboghaach thugadar dá mboinn é lá an chatha.
10. Níor choinnigh siad a gconradh le Dianíorbh áil leo siúl de réir a dhlí.
11. Rinne siad dearmad ar a ndearna séagus ar na hiontais a nocht sé dóibh.
12. Rinne sé míorúiltí i bhfianaise a sinseari dtír na hÉigipte, ar mhachaire Zoan.
13. Roinn sé an mhuir is sheol sé trasna iad;chuir sé na huiscí ina seasamh ina mballa.