39. Ba cuimhin leis nach raibh iontu ach daoine;anáil a ghabhann seacha gan casadh.
40. Nach minic a bhí siad easumhal dó san fhásach,go ndearna siad a chrá san uaigneas.
41. Chuir siad cathú ar Dhia arís eileagus chiap Neach Naofa Iosrael.
42. Níor chuimhin leo feasta a ghníomharthaná an lá a shaor sé óna naimhde iad,
43. nuair a d'oibrigh sé a éachtaí, san Éigipt,a mhíorúiltí ar mhachaire Zoan;
44. nuair a rinne sé fuil dá n‑aibhneachaionas nach bhféadfaidís an t‑uisce a ól.
45. Chuir sé cuileoga chucu a d'alp iad,agus froganna ina scaotha á milleadh.
46. Thug sé a bhfómhar don chruimh,agus toradh a saothair don lócaiste.
47. Mhill sé a bhfíniúna le clocha sneachtaagus mhill a gcrainn bhána leis an sioc.
48. Bhuail sé a n‑airnéis le clocha sneachtaagus a gcaoirigh le caora tine.