Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 78:33-41 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

33. gurb uime a scrios sé a laethantaagus a chuir deireadh lena ré go tobann.

34. Nuair a thugadh sé a n‑ár bhídís á lorgag iarraidh Dé le fonn is le dúthracht.

35. Chuimhnídís gurbh é Dia a gcarraig‘s gurbh é an Dia is Airde a d'fhuascail iad.

36. Ní bhídís ach á bhladaráil lena mbéalagus ag insint bréag lena dteanga,

37. óir ní raibh siad dílis ó chroí dóná ní dhearna siad a chonradh a chomhlíonadh.

38. Mar sin féin, toisc é bheith trócaireachmhaitheadh sé a bpeaca, gan iad a scriosadh.Is minic a chuir sé srian lena fheargagus nár lig sé a racht amach orthu.

39. Ba cuimhin leis nach raibh iontu ach daoine;anáil a ghabhann seacha gan casadh.

40. Nach minic a bhí siad easumhal dó san fhásach,go ndearna siad a chrá san uaigneas.

41. Chuir siad cathú ar Dhia arís eileagus chiap Neach Naofa Iosrael.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 78