28. Lig sé anuas i lár a gcampa iadar gach taobh thart timpeall a mbothanna.
29. D'itheadar a sáith, dá bhrí sin,óir thug sé dóibh gach a raibh uathu.
30. Ach ní mó ná gur sásaíodh a mian dóibhagus an bia ina mbéal go fóill
31. nuair a d'éirigh fraoch Dé ina n‑éadan,is gur leag sé ar lár a dtréanfhir,is gur threascair sé fíorscoth Iosrael.
32. Dá ainneoin sin uile pheacaigh siadagus níor chreid siad a éachtaí iontacha
33. gurb uime a scrios sé a laethantaagus a chuir deireadh lena ré go tobann.
34. Nuair a thugadh sé a n‑ár bhídís á lorgag iarraidh Dé le fonn is le dúthracht.
35. Chuimhnídís gurbh é Dia a gcarraig‘s gurbh é an Dia is Airde a d'fhuascail iad.