Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 78:1-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Mascil Ásáf. 1 Éist, a phobal, le mo theagasc;claonaigí bhur gcluasa le briathra mo bhéil.

2. Osclóidh mé mo bhéal i samhlaoidíagus míneoidh mé rúndiamhra na seanaimsire.

3. Na nithe ba chlos dúinn agus ab eol dúinn féin,a d'inis ár n‑aithreacha dúinn,

4. nach cóir iad a cheilt ar a sliochtach a insint don ghlúin atá le teacht -Móréachtaí an Tiarna agus a chumhachtagus na míorúiltí móra a rinne sé

5. nuair a d'eisigh sé reachtanna do Iacób,nuair a bhunaigh sé dlí in Iosrael.D'ordaigh sé mar aithne dár n‑aithreachaan dlí seo a mhúineadh dá gclann

6. ionas go mb'eol don chéad ghlúin eile é,agus don dream nár saolaíodh fós,agus go n‑inseoidís siúd dá gclann féin é

7. ionas go gcuirfidís a ndóchas i nDia,gan oibreacha Dé a dhearmadach a aitheanta a choimeád de shíor,

8. sula mbeidís mar a n‑aithreacha rompuina nglúin easumhal ceanndána;glúin gan seasmhacht ina gcroínach raibh dílis do Dhia ina meanma.

9. Bhí clann Eafráim gléasta leis an mboghaach thugadar dá mboinn é lá an chatha.

10. Níor choinnigh siad a gconradh le Dianíorbh áil leo siúl de réir a dhlí.

11. Rinne siad dearmad ar a ndearna séagus ar na hiontais a nocht sé dóibh.

12. Rinne sé míorúiltí i bhfianaise a sinseari dtír na hÉigipte, ar mhachaire Zoan.

13. Roinn sé an mhuir is sheol sé trasna iad;chuir sé na huiscí ina seasamh ina mballa.

14. Threoraigh sé le néal iad de láagus le tine i gcaitheamh na hoíche.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 78