Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 76:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Ar théada cheoil. Salm Ásáf. Amhrán.

2. Tá aithne ar Dhia in Iúdá;tá a ainm in airde in Iosrael.

3. I Sailéim atá a bhothagus i Síón a áras cónaithe.

4. Is ann a bhris sé na saigheada lonracha -an sciath is an claíomh is an trealamh troda. Selah

5. Is solasmhar maorga thú, a Thiarna;is cumhachtaí tú ná [na sléibhte síoraí].

6. Tá lucht an chroí chalma arna gcreachadh,codlaíonn siad ina dtoirchim suain;tá lucht na lámh láidir gan taca.

7. A Dhia Iacóib, nuair a labhair tú go bagrachrinneadh staic de charbaid agus d'eachra.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 76