Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 75:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Ná Scrios”. Salm Ásáf. Amhrán.

2. Is leat a ghabhaimid buíochas, a Dhia;gabhaimid buíochas leat; agraímid d'ainmagus déanaimid d'éachtaí a fhógairt.

3. “An uair a shocróidh mé féintabharfaidh mé breith de réir an chirt.

4. Bíodh go gcorraítear an talamh agus a bhfuil annis mé a dhaingnigh a cholúin.

5. Deirim le lucht bladhmainn: ‘Scoirigí de bhur mbladhmann’;agus leis na hurchóidigh: ‘Ná maígí bhur neart,

6. ná déanaigí gaisce as bhur neart,ná labhraigí go dolba dána.”

7. Óir ní ón aird anoir ná aniar,ón bhfásach ná ón sliabh a thig an bhreith;

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 75