Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 73:9-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Tugann siad fogha faoi na flaithis lena mbéalagus triallann a dteanga ar fud an talaimh.

10. Dá bhrí sin bíonn an pobal á moladhagus slogann siad a mbíonn á rá acu.

11. Agus deir siad: “Cá bhfios do Dhia?An amhlaidh is eol don Té is Airde?”

12. Féach! sin é dála na bpeacach;téann siad i saibhreas agus iad ar a sástacht.

13. Nach díomhaoin dom mo chroí a bheith glan agamagus mo lámha a ní san ionracas,

14. agus mé bheith do mo chrá ar feadh an laeagus do mo smachtú gach aon ré solais!

15. Dá ndéarfainn: “Labhróidh mé mar iad siúd,”bheinn ag tréigean dúchas do chlainne.

16. Rinne mé machnamh d'fhonn go dtuigfinn an ní seo,ach chuaigh sé thar m'acmhainn a dhéanamh,

17. nó go ndeachaigh mé i sanctóir Déis gur thugas do m'aire a gcríoch dhéanach.

18. Chuir tú i slí shleamhain iad go dearfaagus thug orthu titim chun a n‑aimhleasa.

19. Féach mar a thit siad le halt na haon uaire;chuaigh siad ar ceal arna scriosadh le scanradh.

20. Amhail taibhreamh a scaiptear le dúiseachtcuirfidh tú a samhailtí ar ceal, a Thiarna.

21. Toisc go raibh m'aigne á spreagadh chun feirgele linn do mo chroí bheith á chiapadh,

22. bhí mé amaideach, baoth, neamhthuisceanach;ba chuma nó beithíoch mé i d'fhianaise.

23. Mar sin féin bím i d'fhochair de shíoragus beireann tú ar dheasláimh orm.

24. Déanfaidh tú mo threorú le do chomhairleagus glacfaidh tú chun na glóire faoi dheoidh mé.

25. Cé atá agam ar neamh ach tú;agus má bhím leatsa ní áil liom a bhfuil ar talamh.

26. Bíodh go gcliseann mo cholainn is mo chroírinne carraig mo chléibh de Dhia;is é mo chuid é go síoraí suthain.

27. An drong a thréigeann thú rachaidh siad ar ceal;scriosann tú a n‑imíonn uait le striapachas.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 73