Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 71:7-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Ba ábhar iontais mé ag mórán daoineach is tú mo chúntóir cumasach.

8. Is lán mo bhéal de do mholadhagus de do ghlóir ar feadh an lae.

9. Ná caith uait mé i ndeireadh m'aoise;ná fág mé liom féin nuair a mheathfaidh mo bhrí orm.

10. Óir bím i mbéal mo naimhde;téann lucht mo bhraite i gcomhairle le chéile

11. á rá: “Tá sé tréigthe ag Dia;téigí ar a thóir agus beirigí air,óir níl aon neach ann lena shaoradh.”

12. A Dhia, ná bíse i bhfad uaim;déan deifir, a Dhia, agus cabhraigh liom.

13. Go gcuirtear trína chéile is go gcloíteara bhfuil ar tí m'anama.Go gclúdaítear le míchlú agus náirean drong ar mian leo mo dhochar.

14. Ach beidh dóchas agamsa go bráchagus cuirfidh mé le do mholadh in aghaidh an lae.

15. Fógróidh mo bhéal d'fhíréantachtagus do chúnamh ó lá go chéileóir ní fios dom a líon ná a n‑áireamh.

16. Fógróidh mé móréachtaí an Tiarna;d'fhíréantachtsa amháin a fhoilseoidh mé.

17. Thug tú teagasc dom ó m'óige, a Dhia,agus bhíos ag fógairt do mhóréachtaí go dtí seo.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 71