Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 71:14-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Ach beidh dóchas agamsa go bráchagus cuirfidh mé le do mholadh in aghaidh an lae.

15. Fógróidh mo bhéal d'fhíréantachtagus do chúnamh ó lá go chéileóir ní fios dom a líon ná a n‑áireamh.

16. Fógróidh mé móréachtaí an Tiarna;d'fhíréantachtsa amháin a fhoilseoidh mé.

17. Thug tú teagasc dom ó m'óige, a Dhia,agus bhíos ag fógairt do mhóréachtaí go dtí seo.

18. I mo sheanóir liath dom anois,ná déan mé a thréigean, a Dhia,chun go bhfoilseoidh mé do chumhacht don ghlúin seoagus do chumas dá bhfuil le teacht.

19. Síneann d'fhíréantacht chun na bhflaitheas, a Dhia,is éachtach iad na nithe a rinne tú.A Dhia, cé is comhionann leatsa?

20. Leag tú orm iomad de thrombhuarthaíach tabharfaidh tú mo bheatha ar ais dom.Tógfaidh tú as broinn na talún mé;

21. Tabharfaidh tú gradam agus sólás ar ais dom.

22. Déanfaidh mé ceol duit ar an gcláirseach, dá bhrí sin,as ucht do dhilghrá dom, a Dhia.Seinnfidh mé freisin ar an gcruitduitse, a Neach Naofa Iosrael.

23. Déanfaidh mo bhruasa lúcháir agus mé ag canadh duitmar aon le m'anam atá ceannaithe agat.

24. Beidh mo theanga ag trácht ar d'fhíréantachti gcaitheamh an lae ar fad,toisc gur cuireadh nuar agus náirear an drong atá ar tí mo dhíobhála.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 71