12. Agus an uair a chuir mé sacéadach ormis amhlaidh a bhí mé i mo cheap magaidh acu.
13. Bíonn na dailtíní sráide ag tromaíocht orm,agus is ábhar amhrán mé ag lucht ólacháin.
14. Chugatsa a chuirim m'urnaí, a Thiarna,ar uair na faille, a Dhia.Éist liom de réir do mhórthrócaireagus do chúnaimh gan teip.
15. Tóg as an láib mé d'eagla mo bháite;saor mé ó m'eascairde.Saor mé ó dhuibheagán na mara
16. sula n‑éirí na tonnta orm.Nár shloga an fharraige siar mé;nár dhúna an poll orm.
17. Freagair mé as ucht do bhuanghrá, a Thiarna,iompaigh chugam de réir do mhórthrócaire.
18. Ná folaigh do ghnúis ar do ghiolla;freagair mé go luath mar go bhfuilim faoi bhuairt.
19. Tar i ngar do m'anam agus fuascail mé;saor mé mar gheall ar mo naimhde.
20. Is eol duit m'aithis is mo náire,tá m'eascairde go léir i do láthair.
21. Is briste mo chroí de chionn aithiseionas gur fágadh mé go faonlag fann.Bhí mé ag súil le trua ach ní bhfuair mé é;le lucht fortachta, ach ní raibh siad le fáil.
22. Thugadar domlas le hithe domagus fínéagra le hol dom i mo thart.
23. Go raibh a mbord ina dhol chun a gceapthaagus a bhfleánna ina ngaiste dá gcairde.
24. Go ndalltar a súile ionas nach bhfeice siad;go raibh crith cos is lámh orthu go brách.
25. Go lige tú do racht amach orthu.Go mbeire orthu teas do dhíbheirge.