1. Don stiúrthóir. Dé réir Iduthun. Salm [le] Dáiví.
2. I nDia amháin atá m'anam ar a shuaimhneas;is uaidh a thagann mo chúnamh.
3. Is é mo charraig é, mo shlánú agus mo dhaingean;ní dhéanfar mo bhogadh.
4. Cá fhad a thabharfaidh sibh faoi dhuine,sibh go léir d'fhonn a bhriste,mar dhúmas gur bhalla fíorsceabhach é,nó fál ar tí titim?
5. Beartaíonn siad ar mo leagan ar lár;is áil leo an t‑éitheach.Bíonn an bheannacht ina mbéal de shíoragus an mhallacht ina gcroí. Selah
6. Bí ar do shuaimhneas i nDia amháin, a anam liom,óir is ann atá mo dhóchas.
7. Is é mo charraig é, mo shlánú agus mo dhaingean;ní dhéanfar mo bhogadh.
8. Is i nDia atá mo shlánú is mo ghlóir;is carraig chumhachtach agus díon dom é.
9. Cuirigí bhur ndóchas ann i gcónaí, a phobal;ligigí rún bhur gcroí leis.Is é Dia ár ndídean. Selah
10. Níl san Ádhamhchlann ach puth anála,níl sna huaisle ach bréag;nuair a dhéantar a meá is éadroime iad uilená an phuth anála féin.
11. Ná bíodh bhur ndóchas san ansmachtná bhur maíomh san fhoghail.Má dhéantar bhur maoin a mhéadúná santaigí in bhur gcroí í.