Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 60:2-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Nuair a ghabh sé amach i gcoinne Arám Naharaím agus Arám Zóbá nuair a tháinig Ióáb ar ais gur threascair sé Eadóm i nGleann an tSalainn - 12,000 (fear).

3. Theilg tú uait sinn, a Dhia, agus threascair tú sinn;bhí tú i bhfeirg linn, fill orainn arís.

4. Chroith tú an talamh agus scoilt tú é.Déan a chréachtaí a leigheas óir tá sé ar crith.

5. Chuir tú do phobal faoi chuing an chruatain,thug tú fíon ár mearaithe le hól dúinn.

6. Thug tú comhartha don dream lenarb eagal túionas go dteithfidís as raon an bhogha, Selah

7. agus go ndéanfaí d'aos grá a shaoradh.Fóir orainn le do dheasláimh agus éist linn.

8. Labhair Dia ina shanctóir agus gheall sé:“Roinnfidh mé Seicim go ríméadachagus déanfaidh mé Gleann Sucót a thomhas.

9. Is liom tír Ghileád, is liom Manaise;is é Eafráim clogad mo chinn,is é Iúdá mar an gcéanna mo ríshlat;

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 60