Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 6:5-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Fill, a Thiarna, fuascail m'anamagus saor mé as ucht do bhuanghrá.

6. Óir níl cuimhne ag aon neach ort i measc na marbh;cé a thabharfaidh moladh duit san uaigh?

7. Tá tuirse orm de dheasca m'osnaíola,ním mo leaba le mo dheora gach oíche;fliuchaim mo tholg le huisce mo chinn.

8. Tá mo shúil á snoí le dobrón:chuaigh sí in aois de dheasca mo naimhde go léir.

9. Imígí uaim a lucht déanta na hurchóide,óir tá éiste ag an Tiarna le glór mo ghoil.

10. Thug an Tiarna aird ar m'achainí;tá glactha ag an Tiarna le mo ghuí.

11. Beidh náire is mórbhuaireamh ar mo naimhde uile.Cuirfear ar gcúl go tobann faoi náire iad.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 6