Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 6:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Le gléasanna téad. Ar chláirseach na n‑ocht dtéad. [Salm le] Dáiví.

2. A Thiarna, ná lochtaigh mé i d'fheargagus ná cuir pionós orm is tú ar buile chugam.

3. Déan trócaire orm, a Thiarna, óir is lagbhríoch mé; slánaigh mé,óir tá mo chorp á chiapadh,

4. agus tá m'anam á chéasadh go géar,ach tusa, a Thiarna, cá fhad...?

5. Fill, a Thiarna, fuascail m'anamagus saor mé as ucht do bhuanghrá.

6. Óir níl cuimhne ag aon neach ort i measc na marbh;cé a thabharfaidh moladh duit san uaigh?

7. Tá tuirse orm de dheasca m'osnaíola,ním mo leaba le mo dheora gach oíche;fliuchaim mo tholg le huisce mo chinn.

8. Tá mo shúil á snoí le dobrón:chuaigh sí in aois de dheasca mo naimhde go léir.

9. Imígí uaim a lucht déanta na hurchóide,óir tá éiste ag an Tiarna le glór mo ghoil.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 6