3. Ní hé; óir beartaíonn sibh éagóir in bhur gcroítheagus is amhlaidh a imríonn sibh an lámh láidir ar talamh.
4. Chuaigh na hurchóidigh ar seachrán fiú amháin ó bhroinn a máthar;lucht éithigh ar an bhfán iad ón uair a saolaíodh iad.
5. Is cosúil a nimh le nimh nathrach nimhe;le nimh na nathrach a chalcann a cluasa
6. d'eagla go gcluinfeadh sí glór an mhealltóranó glór an draíodóra ag imirt a chuid draíochta.
7. Déan a bhfiacla a bhriseadh ina mbéal, a Dhia;stoith amach cúilfhiacla na leon, a Thiarna.
8. Go gceiliúra siad amhail uisce a shníonn le fána,go bhfeo siad amhail féar nuair a bhuailtear cos air.
9. Go leá siad amhail seilide a ndéantar sláthach de,amhail toircheas anabaí nach bhfaca riamh an ghrian.
10. Sula dtéitear bhur gcorcáin le teas na ndriseogsciobfar chun siúil iad, idir ghlas agus chríon.