1. Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Yonat Elem Rehoqim”. Mictam le Dáiví nuair a bhí sé ina chime ag an Filistínigh i nGat.
2. Bí trócaireach liom, a Dhia, óir déantar leatrom orm;imrítear ansmacht orm in aghaidh an lae.
3. Gabhann mo naimhde de chosa ionam i gcónaí,is iomaí duine a bhíonn ag troid liom go huaibhreach.
4. Nuair is eagal liom is ort atá mo sheasamh,
5. ar Dhia dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair.As Dia atá mo mhuinín gan eagla,Cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom?
6. Cuireann siad mo bhriathra as a ríocht i gcónaí;níl de rún acu ach dochar a dhéanamh dom.
7. Tionólann siad le chéile in oirchill orm;téann siad ar mo lorg le fonn mo mharaithe.
8. [Cúitigh] a n‑urchóid leo, a Dhia,déan na ciníocha a chloí i do chuthach.
9. Choinnigh tú cuntas ar mo chuid seachrán;tá mo chuid deor i dtaisce i do bhuidéal;nach bhfuil siad arna mbreacadh i do leabhar?
10. Cuirfear mo naimhde ar gcúlan uair a ghlaofaidh mé ort,óir is eol dom anois go bhfuil Dia liom.
11. As Dia, dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair,
12. as Dia atá mo mhuinín gan eagla;cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom?