Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 54:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Mascil Dháiví

2. nuair a tháinig muintir Zíf ag triall ar Shól á rá leis: “Féach, tá Dáiví i bhfolach inár measc.”

3. Slánaigh mé a Dhia, le d'ainm;déan mo chúis a agairt le do neart.

4. Éist, a Dhia, le m'urnaí,tabhair cluas do bhriathra mo bhéil.

5. Óir d'éirigh lucht an díomais amach i m'éadan,agus tá daoine gan trua ar thóir m'anama;níl aird dá laghad acu ar Dhia. Selah

6. Féach! tá Dia ag teacht i gcabhair orm;tá an Tiarna ag coinneáil an dé ionam.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 54