6. Is áil leat an uile chaint dhíobhálach,a theanga na camastaíola.
7. Uime sin déanfaidh Dia do scriosadhagus do mhilleadh go deo.Sracfaidh sé as do bhoth amach thúagus bainfidh sé amach ó fhréamh thúas talamh na mbeo.
8. Feicfidh na fíréin is beidh eagla orthu;beidh siad ag gáire faoi, á rá:
9. “Sin é an fear nár mhian leisgo mbeadh Dia ina dhaingean aige,ach a chuir a dhóchas in iomad a mhaoineagus a neart ina choirpeacht.”
10. Ach bímse mar úrchrann olóige in áras Dé;‘s tá mo dhóchas i ndilghrá Dégo brách agus choíche.
11. Tabharfaidh mé buíochas duit go deode bharr a ndearna tú,agus fógróidh mé feabhas d'ainmsei bhfianaise na bhfíréan.