Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 52:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Mascil de chuid Dháiví

2. nuair a tháinig Doéig an tEadómach chuig Sól á rá leis: “Chuaigh Dáiví isteach i dteach Aichímeilic.”

3. Cad chuige duit bheith ag maíomh as do mhioscais,a ghaiscígh na hurchóide?

4. Déanann tú uisce faoi thalamh feadh an lae,agus faobhar ar do theanga mar rásúr géar,a chealgaire ghlic.

5. Is ansa leat an t‑olc ná an mhaitheas,an t‑éitheach ná an fhírinne.

6. Is áil leat an uile chaint dhíobhálach,a theanga na camastaíola.

7. Uime sin déanfaidh Dia do scriosadhagus do mhilleadh go deo.Sracfaidh sé as do bhoth amach thúagus bainfidh sé amach ó fhréamh thúas talamh na mbeo.

8. Feicfidh na fíréin is beidh eagla orthu;beidh siad ag gáire faoi, á rá:

9. “Sin é an fear nár mhian leisgo mbeadh Dia ina dhaingean aige,ach a chuir a dhóchas in iomad a mhaoineagus a neart ina choirpeacht.”

10. Ach bímse mar úrchrann olóige in áras Dé;‘s tá mo dhóchas i ndilghrá Dégo brách agus choíche.

11. Tabharfaidh mé buíochas duit go deode bharr a ndearna tú,agus fógróidh mé feabhas d'ainmsei bhfianaise na bhfíréan.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 52