15. ceap aithise i mbéal na gciníochaagus ceap magaidh i measc na náisiún.
16. Bíonn mo tharcaisne os mo chomhair de shíoragus luisne na náire i mo leiceann
17. de bharr ghlór an scigire agus an sciolladórade dheasca an namhad agus an díoltasaí.
18. Tháinig na nithe seo uile orainn anuassiúd is nach ndearnamar dearmad ort,is nach rabhamar mídhílis do do chonradh
19. ná ní dheachaigh ár gcroí ar gcúl,ná ní dheachaigh ár gcosa ar seachrán uait,
20. bíodh gur bhrúigh tú in áit na hainnise sinnagus gur fholaigh tú le scáil an bháis sinn.
21. Dá ndéanaimis dearmad ar ainm ár nDénó dá leathaimis ár lámha chun dé eile,
22. nach mbeadh a fhios sin ag Dia?Óir is eol dó rúndiamhra an chroí.
23. Ar do shonsa tugtar ár n‑ár ar feadh an laeagus meastar sinn mar chaoirigh atá le bású.