Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 44:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Mascil chlann Chorach.

2. Chualamar lenár gcluasa féin é, a Dhia,agus d'inis ár n‑aithreacha féin dúinnna hoibreacha a rinne tú fadó,na héachtaí a rinne tú lena linn.

3. Mar chuir tú féin na ciníocha i mbéal a gcinngur phlandaigh tú ár sinsir ina n‑ionad.

4. Óir ní lena gclaíomh féin a ghabhadar an talamhníorbh é a gcuisle féin a shaor iadach do dheaslámh féin is do chuisleagus gile do ghnúise, mar b'iad do ghrá iad.

5. Is tú mo rí agus mo Dhiaa thug barr agus bua do Iacób.

6. Is tríotsa a chloíomar ár naimhdegur ghabhamar de chosa i lucht ceannairce i d'ainm.

7. Óir ní i mo bhogha a chuir mé mo dhóchas,ná níorbh é mo chlaíomh a thug saor mé,

8. ach is tusa a shábháil ónár naimhde sinnagus a chuir náire ar an drong a thug fuath dúinn.

9. Bhímis ag maíomh as Dia i dtólamhagus ag tabhairt moladh do d'ainm de shíor. Selah

10. Ach anois tugann tú droim láimhe dúinn go dímheasúilagus ní ghabhann tú amach lenár sluaite.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 44