Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 42:3-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Tá cíocras chun Dé ar m'anamchun Dé bheo;cá huair a thiocfaidh mé go bhfeicfidh mégnúis mo Dhé.

4. Is iad mo dheora is bia domde lá agus d'oíchenuair a fhiafraítear díom in aghaidh an lae:“Cá bhfuil do Dhia?”

5. Ar na nithe seo a dhéanaim mo mhachnamhnuair a chuirim mo racht díom:mar a ghluaisinn i dtosach an tsluaag triall ar theach Dé dom,le gártha gairdis agus moltai ndáil fleá agus féile.

6. Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom,faoi mhíshuaimhneas istigh ionam?Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é;mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.

7. Tá m'anam go buartha istigh ionam,is ort a bhím ag cuimhneamhó thír na Iordáine, ó Hearmón,agus fós ó Shliabh Mizeár.

8. Glaonn na duibheagáin ar a chéilele torann do chuid easanna.Tagann do thonnta agus do thuilte go léirina gcaisí anuas orm.

9. Bronnfaidh an Tiarna a bhuanghráorm de láagus canfaidh mé ceadal san oíchedo Dhia mo bheo.

10. Deirim le Dia, mo charraig, cén fátha ndearna tú dearmad orm?Cad chuige dom triall go dobrónachis mo namhaid do mo chrá?

11. Le hachasáin a bhaineann fáscadh as an gcroí agamtarcaisníonn mo naimhde mé,á rá liom gan stad in aghaidh an lae:“Cá bhfuil do Dhia?”

12. Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom,faoi mhíshuaimhneas istigh ionam?Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é;mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 42