Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 41:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví.

2. Is méanar don té ar cúram leis an dealbh is an daibhir;saorfaidh an Tiarna é in am na buartha.

3. Coimeádfaidh sé beo é, tabharfaidh sé séan dó ar talamhagus ní thabharfaidh sé suas é do thoil a eascairde.

4. Tabharfaidh sé neart dó ar leaba a thinnisagus déanfaidh a leigheas le linn a bhreoiteachta.

5. Is é a dúirt mise: “Déan trócaire orm, a Thiarna,slánaigh m'anam de bhrí gur pheacaíos ort.”

6. Labhraíonn mo naimhde fúm le mírún is mioscais:“Cathain a éagfaidh sé go ndearmadfar a ainm?”

7. Tagann siad do m'fhéachaint le caradas bréige;scaipeann siad a mbréaga fúm amuigh le caint mhailíseach.

8. Bíonn m'aos fuatha ag cogarnach le chéile i m'éadan;bíonn siad ag machnamh ina gcroí ar an tubaiste a bhain dom.

9. “Tháinig galar gáifeach air,” a deir siad le chéile,“an té a chuaigh a luí ní éireoidh sé choíche.”

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 41