Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 4:4-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Is é an Tiarna a roghnaíonn dó féin an duine diaga:éistfidh an Tiarna nuair a ghlaofaidh mé air.

5. Bíodh eagla oraibh; ná peacaigí, déanaigí machnamh in bhur leaba.

6. Déanaigí íobairtí córa, bíodh bhur ndóchas sa Tiarna agaibh.

7. Is iomaí duine á rá: “Cé a nochtfaidh nithe fónta dúinn?Ardaigh solas do ghnúise os ár gcionn, a Thiarna.”

8. Is mó a chuir tusa d'aoibhneas i mo chroíná iad siúd de bharr flúirse aráin agus fíona.

9. Rachad a luí faoi shuaimhneas: déanfad codladh go sámh,óir is tú amháin, a Thiarna, a choimeádann ó bhaol mé.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 4