Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 39:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir, .i. do “Iduthun”. Salm le Dáiví.

2. Dúirt mé: “Tabharfaidh mé aire do mo shlitesula ndéana mé peaca le mo theanga.Cuirfidh mé srian le mo bhéalnuair a bheidh an t‑éagráifeach os mo choinne.”

3. Bhí mé balbh agus d'fhan mé i mo thost,bhí éad orm de dheasca a rathúnais.

4. Bhí mo chroí go te ionam istigh;las tine de bhladhm ar mo mhachnamh dom,agus leis sin labhair mo theanga.

5. Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach,nocht dom líon mo laethanta,ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil.

6. Is gairid an seal a thug tú dom,is neamhní mo ré shaoil i d'fhianaise.Níl i neach dá maireann ach puth anála

7. agus gabhann an duine seacha mar scáil.Gal gaoithe a shaibhreas go léir;ní fios dó cé a gheobhaidh ar chruinnigh sé.

8. Cad fáth dom bheith ag feitheamh, a Thiarna?is ionat atá mo dhóchas ar fad.

9. Saor mé ó mo chionta go léir,ná tabhair mé mar cheap magaidh don amadán.

10. Bhí mé i mo thost; níor oscail mé mo bhéalde bhrí gur tusa faoi deara é.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 39