Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 36:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví, giolla an Tiarna.

2. Labhraíonn an urchóid leis an bpeacachi ndiamhair a chroí.Ní choimeádann sé eagla Déos comhair a shúl.

3. Cuireann sé ina luí ar a aignenach eol do dhaoinean choir atá déanta aigeagus nach fuath leo í.

4. Tá urchóid agus cealg ina bhéalníl ciall aige don mhaith.

5. Meabhraíonn sé mioscais agus mallaitheachtina luí ar a leaba dó.Gabhann sé i slí nach maithagus ní shéanann sé an t‑olc.

6. Sroicheann do bhuanghrá na flaithis, a Thiarna,agus do dhílse na néalta.Tá d'fhíréantacht mar shléibhte Dé:

7. do bhreithiúnas mar an duibheagán.Tugann tú dídean don duine is don bheithíoch.

8. A Thiarna, nach luachmhar é do bhuanghrá!Agus tagann an Ádhamhchlann ag triall ortgo ngabhann faoi scáth do sciathán.

9. Líontar le méitheas do thí iadtugann tú deoch dóibh as abhainn d'aoibhneas,

10. óir is leatsa atá foinse na beatha;agus i do sholas-sa a fheicimid an solas.

11. Bíodh grá agat de shíor do lucht d'adhartha,agus cothromas do lucht an chroí dhírigh.

12. Ná gabhadh an díomasach de chosa orm:ná caitheadh lámh an drochdhuine amach mé. 12b Féach mar a leagadh lucht déanta na hurchóide;tá siad ar lár agus ní fhéadann éirí.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 36