Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 29:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Salm le Dáiví 1 Tugaigí don Tiarna, a chlann mhac Dé,tugaigí don Tiarna glóir agus cumhacht!

2. Tugaigí don Tiarna an ghlóir is díol dá ainm;tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa.

3. Tá glór an Tiarna ar an uisce,tá Dia na glóire ag toirneach,tá an Tiarna os cionn na n‑uiscí móra.

4. Tá glór an Tiarna go cumasach,tá glór an Tiarna go maorga.

5. Briseann glór an Tiarna na céadrais,briseann sé céadrais na Liobáine.

6. Cuireann sé an Liobáin ag léim ar nós gamhnaagus Sirión ar nós ógdhaimh allta.

7. Adhnann glór an Tiarna splancacha tine:

8. croitheann glór an Tiarna an fásach,cuireann an Tiarna fásach Cháidéis ar crith.

9. Cuireann a ghlór na crainn darach ag luascadh,agus fágann sé an choill gan duilliúr,agus cluintear “Glóir!” ó gach aon neach ina theampall.

10. Tá an Tiarna ina rí os cionn na díleann.Tá an Tiarna ina rí go brách.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 29