Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 28:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Le Dáiví. 1 Ortsa, a Thiarna, a screadaim,éist liom, a charraig.Mura n‑éisteann tú beidh mé mar dhuinea ghabhann síos san uaigh.

2. Éist le glór mo ghuí is mé ag éamh orta iarraidh do chúnaimh,‘s mé ag tógáil mo lámh chugat, a Thiarna,i dtreo do shanctóra naofa.

3. Ná sciob mé i bhfochair na bpeacachi bhfarradh na n‑urchóideacha labhraíonn go cneasta lena gcomharsanaagus an t‑olc ina gcroí.

4. Tabhair díolaíocht dóibh de réir a ngníomharthaagus mioscais a n‑ainbheart.Tabhair luach saothair dóibh de réir obair a lámh:déan an comhar a dhíol leo.

5. Óir is beag acu gníomhartha an Tiarnaagus saothar a lámh.Go mille sé iad, is nár thóga sé arís iad.

6. Moladh leis an Tiarna toisc gur éist séle glór mo ghuí.

7. Is é an Tiarna mo neart agus mo sciath:tá dóchas mo chroí ann.Tugadh cabhair dom; gairdíonn mo chroíagus canaim amhrán dó.

8. Is é an Tiarna neart a phobail,is é dídean shábháilte a ungthaigh é.

9. Fóir ar do phobal, tabhair beannacht do d'oidhreacht,á gcothú agus á n‑iompar go brách.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 28