Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 24:4-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. An té a bhfuil lámh gan smál agus croí glan aige:an té ar beag air nithe gan tairbheagus nach dtugann mionn éithigh dá chomharsa.

5. Beidh beannacht an Tiarna ar an té sinagus luach saothair ó Dhia, a shlánaitheoir.

6. A leithéid sin a bhíonn á lorg:a bhíonn ar thóir Dia Iacóib.

7. Ardaigí bhur lindéir, a gheataí,agus tógtar na doirse cianaostago dtaga Rí na glóire isteach!

8. Cé hé an Rí seo na glóire?An Tiarna atá láidir, tréan;an Tiarna atá tréan i gcogadh.

9. Ardaigí bhur lindéir, a gheataí,agus tógtar na doirse cianaostago dtaga Rí na glóire isteach!

10. Cé hé an Rí seo na glóire?Is é an Tiarna é, Dia na slua,sin é Rí na gloire.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 24