Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 22:22-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Saor mé ó bhéal an leoinagus m'anam bocht ó adharca na ndamh allta.

23. Fógróidh mé d'ainm do mo bhráithre,molfaidh mé thú i lár do phobail.

24. Molaigí an Tiarna, a mhuintir lenarb eagal é:tugaigí clú dó, a shliocht Iacóib go léir,tugaigí urraim dó, a shíol Iosrael ar fad;

25. de bhrí nár bheag air an bochtánagus nár scorn leis riamh a ainnise.Níor cheil sé riamh a ghnúis airach d'éist leis an uair a ghlaoigh sé air.

26. De do thairbhe-se a thugaim moladh sa mhórthionól;comhlíonfaidh mé mo mhóideanna i láthairan dreama ar a mbíonn a eagla.

27. Íosfaidh na bochtáin agus sásófar iad;molfaidh lucht a iarrtha an Tiarna.Go maire bhur gcroí go brách!

28. Cuimhneoidh gach aird de chríocha na cruinne,cuimhneoidh an domhan uile agus casfaidh ar an Tiarna,agus adhrfaidh na ciníocha go léir ina fhianaise.

29. Is leis an Tiarna an ceannas: rialaíonn sé na náisiúin

30. agus adhrfaidh maithe móra an talaimh ina fhianaise:cromfaidh ina láthair a ngabhann síos sa luaithreach.

31. Nuair nach beo don duine feasta beidh a shliocht ag fónamh dó‘s ag tabhairt tuairisc an Tiarna do ghlúin atá le teacht.

32. Foilseoidh siad a dhílse do phobal nár saolaíodh fós,á chur i gcéill dóibh gurb eisean a rinne an ní seo.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 22