Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 22:17-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Tá mórán madraí i mo thimpeall‘s táim crioslaithe ag gasra bithiúnach.Tollann siad mo lámha agus mo chosa;

18. féadaim mo chnámha go léir a chomhaireamh.Baineann siad lán a súl asam go sásta.

19. Roinneann siad mo chuid éadaigh eatarthuagus caitheann siad crainn ar mo chóta.

20. Ach ná bíse i bhfad uaim, a Thiarna;mo chabhair thú! brostaigh chun mo chúnaimh.

21. Déan m'anam a fhuascailt ón gclaíomhagus mo bheatha ó ghreim an mhadra.

22. Saor mé ó bhéal an leoinagus m'anam bocht ó adharca na ndamh allta.

23. Fógróidh mé d'ainm do mo bhráithre,molfaidh mé thú i lár do phobail.

24. Molaigí an Tiarna, a mhuintir lenarb eagal é:tugaigí clú dó, a shliocht Iacóib go léir,tugaigí urraim dó, a shíol Iosrael ar fad;

25. de bhrí nár bheag air an bochtánagus nár scorn leis riamh a ainnise.Níor cheil sé riamh a ghnúis airach d'éist leis an uair a ghlaoigh sé air.

26. De do thairbhe-se a thugaim moladh sa mhórthionól;comhlíonfaidh mé mo mhóideanna i láthairan dreama ar a mbíonn a eagla.

27. Íosfaidh na bochtáin agus sásófar iad;molfaidh lucht a iarrtha an Tiarna.Go maire bhur gcroí go brách!

28. Cuimhneoidh gach aird de chríocha na cruinne,cuimhneoidh an domhan uile agus casfaidh ar an Tiarna,agus adhrfaidh na ciníocha go léir ina fhianaise.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 22