12. Ná bí i bhfad uaim in am mo bhuartha;bí i m'aice, óir níl aon chabhair eile agam.
13. Is iomaí sin tarbh atá i mo thimpeall,tá tréantairbh Bháiseán thart orm.
14. Leathann siad a gcraos i mo choinnemar leon amplach agus é ag búiríl.
15. Doirtear amach mé mar uisce,tá mo chnámha arna scaoileadh ó chéile.Is cosúil mo chroí le céirarna leá i lár mo chléibh.
16. Shearg mo scornach mar shlige cré-umha,is tá mo theanga ag ceangal de mo charball:leagann tú i luaithreach an bháis mé.
17. Tá mórán madraí i mo thimpeall‘s táim crioslaithe ag gasra bithiúnach.Tollann siad mo lámha agus mo chosa;
18. féadaim mo chnámha go léir a chomhaireamh.Baineann siad lán a súl asam go sásta.
19. Roinneann siad mo chuid éadaigh eatarthuagus caitheann siad crainn ar mo chóta.
20. Ach ná bíse i bhfad uaim, a Thiarna;mo chabhair thú! brostaigh chun mo chúnaimh.
21. Déan m'anam a fhuascailt ón gclaíomhagus mo bheatha ó ghreim an mhadra.
22. Saor mé ó bhéal an leoinagus m'anam bocht ó adharca na ndamh allta.
23. Fógróidh mé d'ainm do mo bhráithre,molfaidh mé thú i lár do phobail.