4. Glaoim ar an Tiarna dár dleacht moladh,agus déantar mo shaoradh ó mo naimhde.
5. Tháinig tonnta an bháis i mo thimpeallagus scanraigh tuilte na hurchóide mé.
6. Chrioslaigh cuibhreacha Sheól mé,chuaigh mé in achrann i líonta an éaga.
7. Scairt mé ar an Tiarna i mo ghátar,agus d'iarr mé cúnamh ar mo DhiaChuala sé mo ghlór ina theampall,agus ráinig mo ghlao a chluasa.
8. Chrith an talamh agus suaitheadh éagus corraíodh fothaí na sléibhtetoisc go raibh sé ar lasadh le barr feirge.
9. D'éirigh deatach as polláirí a shróine,agus tine dheargloiscneach as a bhéal,ionas gur adhnadh leis sméaróidí dearga.
10. D'ísligh sé na spéartha agus thuirling sé,agus néal dubh dorcha faoina chosa.
11. Tháinig sé ag marcaíocht ar cheiribínagus é ag eitilt ar eiteoga na gaoithe.