Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 18:38-51 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

38. Chuaigh mé sa tóir ar mo naimhde: tháinig mé suas leo,agus níor chas mé go ndearna mé a scriosadh.

39. Rinne mé a mbualadh ionas nach bhféadfaidís éiríagus thit siad ar lár faoi mo chosa.

40. Chrioslaigh tú le neart mé chun catha,agus threascair tú an dream a bhí i m'éadan.

41. Chuir tú ruaig is raon maidhme ar mo naimhdeagus mhill tú an drong a thug fuath dom.

42. Scairt siad - ní raibh fear a dtarrthála ann:bhí sé fuar acu glaoch ar an Tiarna.

43. Ar nós na luaithe roimh an ngaoth a mheil mé iad,á gcosaráil amhail salachar na sráide.

44. Tharrthaigh tú mé ó choimhlintí an phobailagus chuir tú os cionn na náisiún mé;rinne pobal nárbh eol dom fónamh dom,

45. an túisce ba chlos dóibh ghéill siad.Tháinig na heachtrannaigh ag lútáil liom,

46. mheathlaigh na náisiúin iasachta:tháinig siad as a ndaingne go critheaglach.

47. Go maire an Tiarna! gura beannaithe mo charraig!go raibh Dia mo shlánaitheoir á mhóradh;

48. an Dia a bhain díoltas amach domagus a chuir na ciníocha faoi mo smacht,

49. a rinne mo shaoradh ó mo naimhdeagus a d'ardaigh mé os cionn m'eascairde,agus a sciob mé ó lucht an éigin.

50. Ar an ábhar sin tabharfaidh mé moladh duiti measc na náisiún, a Thiarna:agus canfaidh mé Salm do d'ainm;

51. óir thug tú cathréimeanna do do rí,agus nocht tú do ghrá do d'ungthach,do Dháiví agus dá shliocht go brách.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 18