Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 18:29-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. Is tusa, a Thiarna, mo lóchrann,mo Dhia thú, a shoilsíonn mo dhorchacht.

30. Is tríotsa a bhearnaím na sluaite;le cabhair Dé a ghabhaim de léim thar balla.

31. Tá slí Dé gan mháchail,tá briathar an Tiarna arna phromhadh.Is é is sciath go dearfado chách a thriallann chuige.

32. Óir cé eile is Dia ann ach an Tiarna?Cé eile is carraig ann seachas ár nDia?

33. An Dia a chrioslaigh mé le calmachtagus a rinne mo bhealach sábháilte;

34. a thug luas na heilite do mo chosaagus a chuir i mo sheasamh go daingean ar na harda mé.

35. D'oil sé mo lámh chun cogaidhis mo chuisle chun bogha práis a theannadh.

36. Thug tú dom sciath do shlánaitheagus choinnigh do dheaslámh go daingean mé.

37. Réitigh tú an tslí do mo chéimeanna,ionas nár shleamhnaigh mo chosa.

38. Chuaigh mé sa tóir ar mo naimhde: tháinig mé suas leo,agus níor chas mé go ndearna mé a scriosadh.

39. Rinne mé a mbualadh ionas nach bhféadfaidís éiríagus thit siad ar lár faoi mo chosa.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 18