Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 18:17-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Shín sé anuas agus rug orm,agus tharraing as na tuilte móra mé.

18. Shaor sé mé ón namhaid a bhí róláidir domó lucht m'fhuatha ba threise ná mé.

19. D'ionsaíodar mé lá mo thubaiste,ach tharla an Tiarna ina thaca dom.

20. Sheol sé amach in áit fhairsing mé,do mo tharrtháil as ucht a ghrá dom.

21. Chúitigh an Tiarna m'fhíréantacht liom;thug luach saothair dom de réir glaine mo lámh,

22. toisc gur choinnigh mé slite an Tiarnais nár imigh mé uaidh ar seachrán.

23. Bhí a bhreithiúnais go léir os mo choinne,is níor chuir mé a reachtanna i leataobh uaim.

24. Ach mhair mé gan cháim ina láthair,agus choimeádas mé féin ón gcoirpeacht.

25. Agus chúitigh an Tiarna m'fhíréantacht liomde réir glaine mo lámh ina láthair.

26. Is dílis tú don duine dílis,is ionraic tú leis an duine ionraic.

27. Is glan tú le lucht na glaine,agus glic le lucht an ghlicis.

28. Óir saorfaidh tú lucht na huirísleach umhlóidh tú lucht an díomais.

29. Is tusa, a Thiarna, mo lóchrann,mo Dhia thú, a shoilsíonn mo dhorchacht.

30. Is tríotsa a bhearnaím na sluaite;le cabhair Dé a ghabhaim de léim thar balla.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 18